Sponsor



Fógraí

Yes
  
Body
  
Cabhraigh leis Na Gaeil Óga baile buan a fháil

​Conas is féidir leatsa cabhrú?

Tá trí rogha agat.

A. Glac síntiús míosúil linn.
Priontáil an fhoirm seo www.bit.ly/NGOFoirm, líon amach í agus cuir chugainn í ag cumannclg@gmail.com.

B. Déan íocaíocht aon-uaire linn.
Is féidir sin a dhéanamh trí aistriú ar líne isteach inár gcuntas nó dul isteach chuig do bhanc leis an eolas seo agus aistriú bainc a dhéanamh. CLG Na Gaeil Óga IBAN: IE 34AIBK932221085851 24 BIC: AIBKIE2D

C. Cuir ríomhphost chugainn le do shonraí teagmhála má tá tuilleadh eolais uait, nó má tá aon smaointe eile agat. Cuir fios orainn ag 086 1954176 más mian leat aon eolas eile.

https://docs.google.com/forms/d/e/1FAIpQLScecS-5UecyLSm_cjiwHFGV38jx-t4ZmPJ-ukX1cqeQ2YnhdQ/viewform
01/07/2017
Cruinniú Cinn Bhliana NGÓ: 30ú Samhain
Reáchtálfar Cruinniú Cinn Bhliana Na Gaeil Óga CLG Dé Céadaoin, 30 Samhain i Seomra Cruinnithe Chonradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair ar 8pm.
Is deis í seo do dhaoine ar spéis leo cúnamh a thabhairt don chumann a n-ainmneacha a chur chun tosaigh dá leithéid. Freisin ar an oíche tabharfar tuairiscí ag oifigigh an choiste reatha agus déanfar súil siar ar imeachtaí agus éachtaí na bliana. Beidh deis cainte ag baill an chumainn a gcuid tuairimí agus moltaí a nochtadh don choiste reatha agus don choiste úr leis. 
Tá go leor bealaí ann chun lámh cúnta a thabhairt don chumann más ról beag nó ról níos mó é, is mór an chabhair í dúinn. Tá liosta de na rólanna uile atá le líonadh don chéad tréimhse eile amach romhainn thíos. Má mheasann tú go mbeadh spéis agat tabhairt faoi cheann ar bith de na rólanna thíos líon amach an fhoirm seo a leanas. 
Táimid ag tnúth le sibh a fheiceáil ar an oíche agus a chloisteáil uaibh idir an dá linn. 
Léigh níos mo faoi anseo
01/12/2016
Seoladh Feachtais: Páirc Bhuan do Na Gaeil Óga CLG

Tharla seoladh feachtais inné dúinn chun airgead a bhailiú agus páirc bhuan Na Gaeil Óga a thógáil. Bhí pleananna forbartha páirceanna agus Club Theach á bhfógairt mar chui​d den fheachtas leis.  ​Chun ár bpleananna a léamh, brú ANSEO.

Conas is féidir leatsa cabhrú? - Coinnigh súil amach ar an leathanach seo.

01/06/2016
Ballraíocht 2016

​Tá an t-am sin linn arís chun íoc as Ballraíocht 2016 le Na Gaeil Óga CLG - déan é anois!

Más imreoir nó ball fásta thú, is féidir libh íoc as ballraíocht bliana leis Na Gaeil Óga do 2016 anois! Lean an nasc seo chun íoc as nó tabhair airgead tirim dúinn más mian leat. Maidir le hairgead tirim, is gá an t-airgead a thabhairt do chaptaen na foirne a n-imríonn tú léi. Seo hé na costais ar bhallraíocht i mbliana:

  • €110 Daoine Fostaithe
  • €55 Mic Léinn/Daoine Dífhostaithe
  • €30 Ballraíocht Sóisialta

Ba chóir cuimhneamh gur breis agus €300 a chosnaíonn sé ar an gcumann íoc in aghaidh an duine sa bhliain; árachas, táillí iontrála sraithe is coirn, fearas, geansaithe, réiteoirí, & eile san áireamh - i bhfírinne is an-mhargadh é an €110!

Chun íoc ar líne, téigh chuig an nasc seo http://tinyurl.com/pvbyu7t le cuntas Teamer.net a chruthú. Nuair atá cuntas Teamer bunaithe agat, téigh chuig an nasc http://tinyurl.com/pvbyu7t arís agus íoc an táille atá oiriúnach i do chás féin.

22/04/2016
Féile Ghaeilge na Nollag, 19ú Nollag

Bígí linn ag Féile Ghaeilge na Nollag ar an Satharn seo i gConradh na Gaeilge! ​​

Ó 11.00 ar maidin ar aghaidh, tosaíonn na himeachtaí.  Do na daoine óga atá ag súil go mór le cuairt ó fear ón bpol thuaidh, beidh ​​​Grotto Dhaidí na Nollag ann, chomh maith le seó Lámhchleasaíochta.
I rith an lae beidh Óga Yoga agus Mórscríbhneoirí na Gaeilge i láthair.
Ist oíche, beidh Bhlaiseadh Beoreach ar siúl freisin - tosaíonn sé ag 7.30 a chlog.
Má tá tú i lár na cathrach ag am ​éigin ar an Satharn, bígí linn!
Seo hé an clár ama don lá:
Do Chách:
11.00 - 19.00 An Caife Craic (PreabChaife ó Snasta Blasta)
13.00 - 19.00 Pizza (Wood stove ó Zero Zero Pizza)
11.00 - 19.00 Díolacháin Leabhar, Earraí & Táirgí Gaeilge
Do Pháistí:
13.00 Scélaíocht do pháistí (le socrú)
13.30 Seó Lámhchleasaíochta (Johny Phelan)
14.00 Yoga do pháistí (Óga Yoga)
Do Dhaoine Fásta:
15.00 Yoga & Bia do dhaoine fásta (Óga Yoga)
18.30 Seoladh Leabhar (le socrú)
19.00 Oíche Blaiseadh Beoireach (ar son Na Gaeil Óga)​
20/12/2015
Cláraigh linn!

Aistrigh linn roimh 14.00 amárach (Dé Máirt, 8ú Nollaig) chun imirt linn sa Pheil nó iomáint i 2016!  Más fear thú, caithfidh tú foirm aistriúcháin a líonadh isteach roimh an spriocam amárach má tá tú ag aistriú ó Chumann amháin go Cumann eile in Áth Cliath. Faigh an foirm ANSEO agus seol ar aghaidh é i ríomhphost chuig Edel ag clarungo@gmail.com

10/12/2015
Stail Ghaelach Na Gaeil Óga 2015

Tarlóidh comórtas An Stail Ghaelach NGÓ Dé hAoine an ​23ú Deireadh Fómhair i gClub Chonradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair ag 20.00. Cé atá chun a bheith mar Stail Ghaelach NGÓ 2015? Beidh le feiceáil ar an oíche! Na Gaeil Óga abú!

12/11/2015
Mórdhinnéar Na Gaeil Óga 2015!

Coimeád an dáta seo saor! Beidh mórdhinnéar NGÓ na bliana seo ar siúl ar an 21ú Samhain san ostán Davenport i lár na cathrach; beidh níos mo eolais ar fáil go luath ar www.nagaeiloga.ie​ maidir le ticéidí! NGÓ abú!

31/10/2015
Campa Samhraidh NGÓ 2015!

Beimid ag cur campa samhraidh CLG ar fáil do pháistí ar rugadh idir 2007-11 ón 6ú-10ú Iúil. Beidh sé ar siúl idir 9.30rn agus 1.30in gach lá. Lonnófar an campa ar latháir Ghaelscoil Naomh Pádraig i Leamhcán. Díreofar an campa go príomha ar an bpeil agus an iomáint ach tabharfar deis do na páistí nithe eile don chultúr Gaelach a bhlaiseadh idir amhránaíocht, ceol, rince agus drámaíocht. Tá an campa dírithe go príomha ar dhaltaí ó Ghaelscoileanna Eiscir Riada agus Naomh Pádraig ach cuirfear fáilte mhór roimh aon pháistí atá ag freastal ar Ghaelscoileanna nó atá á dtógáil le Gaeilge. Tá tuilleadh eolais ar fáil ó Dheirdre ar 087 1245496​ - níos mo eolais ar fáil anseo​

07/07/2015
Comórtas Peile na Gaeltachta 2015
Is féidir leat íoc as costais Comórtas Peile na Gaeltachta ar líne ag an nasc seo ​​nó is féidir leat airgead tirim a thabhairt do do chaptaen nó bainisteoir. Is costas €110 atá i gceist; sin iontráil don chomórtas, lóistín trí oíche agus bricfeasta freisin. Caithfidh tú íoc roimh an 17ú Bealtaine
08/06/2015
Cluichí ag na mná an tseachtain seo!

​Tá cluichí ag na mná an tseachtain seo Dé Máirt agus Dé Céadaoin! Tá an fhoireann camógaíochta ag imirt ar an Máirt sa tsraith i gcoinne Craobh Chiaráin i bPáirc 'Cara' i gCluain Seach ag 7.30. Dé Céadaoin, tá na peileadóirí ​sa tsraith freisin, beidh siad ag imirt i gcoinne bhFánaithe ​Bhaile Boadáin ag 7.30. Tacaigí linn! 

NA GAEIL ÓGA ABÚ!

21/05/2015
Cluiche Craobhe an Domhnach seo ag na hIománaithe!

Beidh na hIománaithe ag imirt sa Chraobh Dé Domhnaigh ag 3.00 i gcoinne Chumann Ó Duibhir i mBaile Brigín. Roimhe sin, beidh na peileadóirí ag imirt i gCorn Parsons, Grúpa 1 in aghaidh Naomh Mairéad. Tacaigí linn ar an Domhnach (17ú Bealtaine) más féidir le do thiol! 

NA GAEIL ÓGA ABÚ!

18/05/2015
​Éistigí fúinn ar Raidió a haon!

​​Beidh mír faoi Na Gaeil Óga ar Raidió a hAon Dé Sathairn ó 08.00 ar an gclár Countrywide.

Labhair an craoltóiBláthnaid Ní Chofaigh le himreoirí agus baill an Chumainn an deireadh seachtaine seo caite ag cluiche craobhe Na Gaeil Óga, traenáil na leanaí agus ansin fuair sí agallamh le Cailín Gaelach an Chumainn, Jill Nic Mhathúna (ar dheis).​

Is féidir le daoine éisteacht leis an clár anseo​ ar an Satharn nó ar 88.5FM ar an raidió idir 08.00 agus 09.00 ar maidin.

Téigh i dteagmháil le Countywide ar na bealaí seo le tacú linn!  

Is féidir leat téacs a sheoladh chuig 501551, seol teachtaireachtaí chuig CountyWide ar facebook nó ar Twitter go@RTECountyWide nó seol ríomhphost chuig countrywide@rte.ie​​​

Sin Countrywide, 08.00 Dé Sathairn ar RTÉ Raidió a haon (88.5FM)!

17/05/2015
Cluichí Craobhe NGÓ

Beidh foirne peile NGÓ ag imirt sa Chraobh​ amárach! Ag 11.00, táimid ag imirt i bPáirc Naomh Caitríona (Leamhcán) i gCraobh Sóisir C in aghaidh Naomh Eoin Bhaile an tSaoir ​. I rith an lae, beidh an fhoireann B ag imirt i gcoinne Gearaltaigh Uí Mhóráin i gCraobh Sóisir D - tosaíonn sé ag 3.00 i gCúirt an Choirnéil. Tagaigí agus tacaigí linn amárach ins na cluichí!

NA GAEIL ÓGA ABÚ!

11/05/2015
Cluiche Camógaíochta ANOCHT!

Beidh foireann camógaíochta Na Gaeil Óga ag imirt i gcoinne Chuala ANOCHT ag 7.30! Cluiche sraithe atá ann agus beidh sé ar siúl i bPáirc an Fhionnuisce! Tagaigí agus tacaigí linn! NA GAEIL ÓGA ABÚ!

06/05/2015
Peil na mBan ar siúl ANOCHT

Tá foireann NGÓ Peil na mBan ag imirt anocht ag 6.45 a chlog i gcoinne Na Géanna Fiáine sa tsraith (Roinn 8) i bPáirc an Fhionnuisce.

Tá na cailíní tar éis dhá cluiche a bhuachaint i mbliana, le cúnamh Dé beidh trí cinn as a chéile acu ag an deireadh an lae!
Na Gaeil Óga ABÚ!
23/04/2015
Cluichí an Deireadh Seachtaine seo!

​Beimid ag imirt i gcoinne Naomh UinseannSáirséalaigh Leamh​cháin ar an Domhnach! Táimid ​i gCorn Parsons (Peil) in aghaidh Naomh Uinseann ag 11.00 agus i gcoinne Sáirséalaigh Leamh​cháin i sraith iomána a seacht ag 15.00

20/04/2015
Cailín Gaelach Na Gaeil Óga

​​​​Tá an comórtas is faiseanta de chuid Chumann Lúthchleas Gael ar ais ar an Aoine - Cailín Gaelach Na Gaeil Óga! Tarlóidh an comórtas ar an Aoine, 17ú Aibreán i gClub Chonradh na Gaeilge ar Shráid Fhearchair, agus tosóidh imeachtaí na hoíche óna 7.30 a chlog ar aghaidh! Is féidir le daoine páirt a ghlacadh sa chomórtas - ní gá do dhaoine ach ríomhphost a sheoladh chuig destaicmaire@gmail.com

18/04/2015
​​​
 
Club Lotto
Twitter