top of page
ngó gif2.gif

Na Gaeil Óga CLG 

Cumann CLG lán-Ghaeilge iarthar Bhaile Átha Cliath

nagaeiloga

image (3).png

Foirne Faoi Aois

Tá na foirne faoi-aois, lonnaithe i Leamhcán, ag freastal ar scoláirí Ghaelscoil Eiscir Riada, Ghaelscoil Naomh Padráig & Scoil Uí Dhálaigh go príomha.

 

Tá fáilte roimh aon pháiste Gaelscoile nó páistí a labhraíonn Gaeilge sa bhaile.

 

Cuireann muid béim an-láidir ar spraoi agus ar fhorbairt iomlán an pháiste trí rannpháirtíocht, forbairt scileanna spóirt agus meabharscileanna. 

Cé Sinn

Is club CLG lán-Ghaeilge é Na Gaeil Óga atá lonnaithe i Leamhcán, iarthar BhÁC.

Tá réimse leathan foirne againn do pháistí agus do dhaoine fásta san iomáint, camogaíocht, peil na mban agus peil na bhfear.
 

Táimid tiomanta chun tacú le daoine a mbarrchumas a bhaint amach trí Ghaeilge ar an bpáirc agus as an bpáirc. 

camógaíocht-faoi-aois-3-2.jpg
fir2.jpg

Foirne Fásta

Tá breis is 15 ardú céime bainte amach ag foirne Na Gaeil Óga ón uair a thosnaíomar ag dul chun páirce sa bhliain 2011.

 

Tá foirne anois againn d'imreoirí de gach saghas caighdeáin araon le daoine ar mhaith leo Gaeilge a fhoghlaim.

Bí linn agus glac páirt lenár bhfoirne Camogaíochta, Iomána & Peile. 

bottom of page